Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhí muca agus eallach acu nuair a bhí Ned óg. Ag baint mhóna thall i bhfánaid agus a iompar anall na nDúnaibh i gcurach. Bhí masla iontach leis an mhóin. Ba le asal a thógadh sé an mhóin. | 00:04:24 | |
Bhí ocras ann i rith an chogaidh agus ina dhiaidh mar bhí gach rud gann. D’oibir sé sna tolláin i dtuaisceart na hAlban fosta. | 00:08:33 | |
D’oibir sé sna mianaigh guail in Sasana. Bhí obair chontúirteach ansin. Is iomaí uair a d’fhan sé in ‘model’. D’oibir sé ar scaglann ola (oil refinery) in Grangemouth – chaith sé 14 bliana ag obair ansin agus ba seift dhá uair déag a dhéanadh sé. Bhí Ned ina mhaor ar feadh cúpla bliain. | 00:07:05 | |
Bhí Ned breá ábalta obair láimhe de chineál ar bith a dhéanamh. Bhí sé obair thógála a dhéanamh. | 00:02:22 | |
A chuid blianta ag obair in Sasana, Crewe agus Birmingham. An obair a bhíodh a dhéanamh ansin aige agus an caitheamh aimsire a bhíodh acu. | 00:03:05 | |
Scéal faoi fhear (Jimmy Doohan) a maraíodh i dtollán in Albain. Chaith Ned blianta ag obair ina chuideachta. Bhí contúirt mhór in obair thollán. | 00:01:39 | |